Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Scéim faoi Alt 11
An Binse Comhionannais
Caibidil 1
Réamhrá agus Cúlra
D’ullmhaigh an Binse Comhionannais an Scéim seo faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (an tAcht). D’iarr an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an 22 Márta 2006, ar an mBinse dréacht-scéim a ullmhú.
Foráiltear le hAlt 11, go n-ullmhódh comhlachtaí poiblí scéim reachtúil ina sonraítear na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil
- trí mheán na Gaeilge
- trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla agus
- trí mheán an Bhéarla
agus na bearta atá le glacadh lena chinntiú go gcuirfear aon seirbhís nach gcuireann an an comhlacht ar fáil trí mheán na Gaeilge ar fáil i nGaeilge laistigh de thréimhse ama chomhaontaithe.
1.1 Treoirlínte maidir le Scéim a ullmhú
Foráiltear le hAlt 12 den Acht, go n-ullmhódh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta treoirlínte agus go n-eiseofaí iad ar chomhlachtaí poiblí chun cuidiú leo dréacht-scéimeanna a ullmhú. Rinneadh an scéim seo a dhréachtú ag féachaint do na treoirlínte sin.
D’fhoilsigh an Binse fógraí faoi Alt 13 den Acht i mí Lúnasa 2006, ag iarraidh ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh i ndáil le hullmhú na dréacht-scéime. Fuarthas ceithre aighneacht ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí. Chuamar i gcomhairle le Fóram Comhairleach an Bhinse agus d’iarramar ar úsáideoirí a dtuairimí a thabhairt maidir le leaganacha dátheangacha d’ábhar ar an láithreán a chur ar fáil.
Bhí tionchar ag na haighneachtaí sin agus ag tuairimí agus moltaí a chur foireann an Bhinse chun cinn ar ábhar na Scéime. Is mór againn na nithe sin a chur leis an bpróiseas.
1.2 Ábhar na Scéime Teanga
Tá sé mar aidhm leis an Scéim polasaithe agus cleachtais an Bhinse atá ann cheana féin maidir lena sheirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge a dhaingniú agus a fheabhsú.Luaitear inár Ráiteas Straitéise 2008-2010 go dtacóimid “le cur i ngníomh na Scéime Gaeilge” agus go spreagfaimid “an fhoireann chun oiliúint a fháil sa Ghaeilge”.Ag teacht leis an gcuspóir sin, tá sé mar aidhm againn seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil a mbeidh fáil éasca uirthi agus a bheidh éifeachtúil. Mar thacaíocht don sprioc sin, is gníomh sonraithe é ár seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, nuair is í an Ghaeilge an teanga is rogha leis an gcliant.
Rinne an Coiste Bainistíochta maoirseacht ar ullmhú na Scéime seo agus is iad na bainisteoirí sinsearacha laistigh den Bhinse a bheidh freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar an Scéim agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi. Oibreofar an Scéim i gcomhar le Ráiteas Straitéise an Bhinse agus tá cuspóirí na Scéime i gcomhréir le Seirbhís ar Ardchaighdeán a chur ar fáil do Chustaiméirí agus le cuspóirí na bPleananna Gnó.
Leis an Scéim, cuirfear leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil againn i nGaeilge faoi láthair. Déantar réimsí a shainaithint sa scéim le feabhas a chur amach anseo ar an tseirbhís a bheidh á cur ar fáil ag an mBinse. Cuirfidh an Binse córas i bhfeidhm chun leibhéal na bhfiosruithe, na ngearán agus na n-iarratas a thomhas lena chinntiú go bhféadfar freastal don éileamh ar shlí bheartaithe agus inrochtana.
1.3 Dáta Tosaithe na Scéime
Dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an Scéim seo. Cuirfear tús leis an scéim le héifeacht ón 1 Feabhra 2009 agus beidh feidhm léi ar feadh tréimhse de 3 bliain ón dáta sin nó go ndearbhóidh an tAire scéim nua de bhun Alt 15 den Acht, cibé acu is túisce.
1.4 Forléargas ar an mBinse Comhionannais
1.4.1 Sainordú agus Misean
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Binse Comhionannais a bunaíodh an 18 Deireadh Fómhair 1999. Is é a chroífheidhm cinneadh agus/nó idirghabháil a dhéanamh ar éilimh a bhaineann le hidirdhealú neamhdhleathach líomhnaithe i ndáil le fostaíocht agus rochtain ar earraí agus seirbhísí faoin reachtaíocht comhionannais agus reachtaíocht pinsean. Maoiníonn an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an Binse agus is foireann de chuid na Roinne sin atá mar fhoireann an Bhinse, ach gníomhaíonn sé go neamhspleách maidir lena sheirbhís do chustaiméirí.Ar an iomlán, tá buiséad de €2 milliún (2008) ag an mBinse Comhionannais agus 35 ball foirne.
Is é príomhról an Bhinse Chomhionannais éilimh maidir le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht agus rochtain ar earraí agus seirbhísí, diúscairt maoine agus gnéithe áirithe oideachais a éisteacht agus idirghabháil a dhéanamh ina leith. Bímid ag déileáil freisin le héilimh maidir le hidirdhealú i ndáil le pinsin.
1.4.2 Na daoine a ndéanaimid freastal orthu
Bíonn an Binse Comhionannais ag idirghníomhú ar bhonn leanúnach le raon leathan d’úsáideoirí a sheirbhísí. Tá an Binse tiomanta a sheirbhísí a chur ar fáil ar shlí atá tapaidh, gairmiúil agus cúirtéiseach agus lena dtugtar aird ar dhínit an dhuine aonair. Léirítear na tiomantais sin i gCairt Seirbhíse an Bhinse don Chustaiméir.
Bíonn an Binse Comhionannais ag déileáil le líon mór daoine, grúpaí agus eagraíochtaí maidir lena ról reachtúil cinneadh agus/nó idirghabháil a dhéanamh ar éilimh a bhaineann le hidirdhealú neamhdhleathach. Áirítear orthu sin –
Páirtithe a mbíonn baint acu le héilimh
- Gearánaigh
- Freagróirí
- Fostaithe
- Lucht cuardaigh poist
- Tomhaltóirí
- Úsáideoirí seirbhísí
- Ionadaithe de chuid fostaithe, lena n-áirítear
- Ceardchumainn
- An Binse Comhionannais
- Gairmithe dlí agus eile
- Ionadaithe de chuid úsáideoirí seirbhísí, lena n-áirítear
- Comhlachtaí tomhaltóirí
- An Binse Comhionannais
- Gairmithe dlí agus eile
Daoine nach páirtithe in éilimh iad
- Finnéithe
- Comparadóirí
- Sainfhinnéithe
- Daoine a dhéanann fiosruithe
Bíonn teagmháil ag an mBinse Comhionannais leis na heagraíochtaí, comhlachtaí agus grúpaí seo a leanas chomh maith:
Dlí-Chomhlachtaí
An Chúirt Oibreachais – ar féidir achomharc a dhéanamh léi maidir le Cinntí comhionannais fostaíochta
An Chúirt Chuarda – ar féidir achomharc a dhéanamh léi maidir le Cinntí um stádas comhionann
An Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach – mar fhoinsí cásdlí fasaigh
Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa – mar fhoinse chásdlí fasaigh
Grúpaí, Eagraíochtaí agus comhlachtaí
An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
Ranna Rialtais, Oifigí agus comhlachtaí reachtúla eile
Eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar fhostóirí nó ar sholáthróirí earraí agus seirbhísí
Eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar fhostaithe nó ar úsáideoirí earraí agus seirbhísí
1.4.3 An tslí a bhfuilimid eagraithe
Tá réimsí feidhme an Bhinse comhdhéanta díobh seo a leanas:
- An tAonad Imscrúdaithe Comhionannais Fostaíochta
- An tAonad Imscrúdaithe um Stádas Comhionann
- Aonad na Seirbhíse Idirghabhála
- An tAonad Acmhainní Corparáide
- An tAonad Rúnaíochta agus IT
- An tAonad Dlí
1.4.4 A mhéid is atá seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge cheana féin
Tá an gealltanas seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge nuair a iarrtar sin san áireamh i gCairt Chustaiméirí an Bhinse.
Is é cleachtas an Bhinse a chinntiú go ndéantar gach comhfhreagras a thagann isteach i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge.
Foilsítear Tuarascálacha Bliantúla agus Ráitis Straitéise i bhformáid dhátheangach.
Tá leagan Gaeilge de bhileoga, lena n-áirítear Cairt Seirbhíse an Bhinse don Chustaiméir, curtha ar fáil i gcruachóip.
Tá leagan Gaeilge de roinnt foirmeacha ar fáil ar an láithreán gréasáin le híoslódáil
Tá saoráid ar líne ar fáil i nGaeilge ar an láithreán gréasáin do chustaiméirí ar mian leo gearán a dhéanamh i ndáil le fostaíocht.
Thug an Binse tacaíocht do na baill foirne a rinne staidéar ar an nGaeilge.
Chuaigh Oifigigh Chomhionannais atá inniúil ar Ghaeilge i mbun imscrúduithe nuair a rinneadh iarratas den sórt sin agus eisíodh an Cinneadh i nGaeilge.
Caibidil 2
Seirbhísí a Chur ar Fáil
Leagtar amach córas teanga oifigiúil an Bhinse Chomhionannais sa chaibidil seo.
2.1 Modh Cumarsáide leis an bPobal / Eolas a thabhairt don Phobal
Bíonn an Binse i mbun cumarsáide leis an bpobal i gcoitinne ar na slite seo a leanas:
- Bileoga Eolais
- Foilseacháin
- Preasráitis
- An Láithreán Gréasáin
- Óráidí agus cur i láthair ón Stiúrthóir/na Bainisteoirí Sinsearacha/ón gComhairleoir Dlí ag comhdhálacha
- Agallaimh leis na Meáin
Tá roinnt díobh seo, ach níl siad go léir, ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon. Tá na tuarascálacha Bliantúla agus leagan Gaeilge de bhileoga eolais ar fáil i bhformáid chruachóipe. Cuirtear óráidí agus cur i láthair ón Stiúrthóir agus ón gComhairleoir Dlí nó ó oifigigh shinsearacha de chuid an Bhinse ar fáil sa teanga (sna teangacha) a dtugtar iad.
Caibidil 3
Achoimre ar Sheirbhísí/Ghníomhaíóchtaí a chuirtear ar fáil in aonaid an Bhinse
Ní oibríonn aon cheann de na haonaid go hiomlán ná beagnach go hiomlán trí Ghaeilge. Faoi láthair, tá baill foirne i roinnt de na haonaid ábalta seirbhísí ó bhéal nó i scríbhinn a chur ar fáil sa teanga a roghnaíonn an custaiméir, más Gaeilge nó Béarla an rogha sin. Sna cásanna nach bhfuil baill foirne in aonad ábalta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge, tá socruithe déanta an cliant a chur i dteagmháil le ball foirne in aonad eile a bheidh ábalta an tseirbhís a chur ar fáil i nGaeilge.
3.1 Rannóga den Bhinse a bhíonn ag déileáil le cásobair.
Tá trí rannóg ann a bhíonn ag déileáil le gearáin ón bpobal i ndáil le hidirdhealú agus tá Bainisteoir Aonaid i gceannas ar gach ceann agus tá siad comhdhéanta d’Oifigigh Chomhionannais agus Idirghabhálaithe.
- An tAonad Imscrúdaithe Comhionannais Fostaíochta
- An tAonad Imscrúdaithe um Stádas Comhionann
- Aonad na Seirbhíse Idirghabhála
Déanann na rannóga sin gearáin, ina gceapann daoine aonair go ndearnadh idirdhealú ina leith, a imscrúdú agus idirghabháil maidir leo. Fuair an Binse 852 gearán sa bhliain 2007. Seoltar formhór na ngearán tríd an bpost agus tagann roinnt daoine isteach chun na hoifige chun gearán a dhéanamh i bpearsa.
Tacaíonn siad seo a leanas leis na haonaid sin:
- An tAonad Rúnaíochta agus IT
- An tAonad Acmhainní Corparáide
- An tAonad Dlí.
Déileáiltear le fiosruithe ginearálta ón bpobal san Aonad Rúnaíochta.
Is é an cleachtas i ndáil le Cinntí, ná iad a chur ar fáil ar www.equalitytribunal.ie. Cuirtear an Cinneadh in iúl, i ngach cás, do na páirtithe go léir a mbíonn baint acu le himscrúdú. Ó bunaíodh an Binse, eisíodh Cinneadh amháin i nGaeilge, nuair a roghnaigh an t-iarratasóir go ndéanfaí an t-imscrúdú go léir trí Ghaeilge.
Níl aon bhall foirne ag an mBinse atá ábalta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, más gá, agus d’fhéadfadh go dteastódh cabhair ó fhoinse sheachtrach.
Acmhainní Corparáide, lena n-áirítear Fáiltiú agus Lasc-Chlár
Is é an t-ionad fáiltithe an chéad phointe teagmhála leis an bpobal de ghnáth. Déileáiltear leis na glaonna agus leis na cuairteoirí chuig an mBinse sa rannóg seo.Mar atá an scéal faoi láthair, níl baill foirne sa rannóg seo ábalta seirbhís iomlán a chur ar fáil trí Ghaeilge do chliaint.Is é an polasaí a bhíonn in úsáid ná go dtreoraítear glaoiteoirí chomh tapa agus is féidir chuig ball foirne cuí lenar féidir leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá liosta de na baill foirne atá inniúil ar an nGaeilge agus ar féidir glaoiteoirí den sórt sin a threorú chucu ag an bhfoireann fáiltithe.
Caibidil 3
Ag Cur le Seirbhísí
- Oibleagáidí reachtúla agus tiomantais
Éilítear le hAlt 11(1) (b) go leagfadh gach comhlacht poiblí amach na bearta a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar aon seirbhísí nach soláthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh.
Tá an Binse tiomanta an tseirbhís a chuirtear ar fáil i nGaeilge dár gcliaint a fheabhsú de réir a chéile. Beidh gníomhartha inaitheanta ann, mar thoradh ar an tiomantas sin, a bheidh le glacadh i saolré na Scéime seo agus i scéimeanna amach anseo. Tá na gníomhartha sin beartaithe i gcomhthéacs na mbreithnithe polasaí, reachtaíochta agus praiticiúla seo a leanas -
- oibleagáidí reachtaíochta faoi láthair;
- tiomantas seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí mar a leagtar amach inár Cairt Seirbhíse don Chustaiméir (foilsithe sa bhliain 2005 – féachwww.equalitytribunal.ie);
- cloí le Caighdeáin an Ombudsman maidir le Sárchleachtas d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí (féach www.ombudsman.gov.ie);
- na tosaíochtaí a rinneadh a shainaithint sa phróiseas comhchomhairle;
- an t-éileamh ar sheirbhísí Gaeilge mar atá sainaitheanta ag an mBinse; agus
- an fháil agus an rochtain atá ar acmhainní atá riachtanach chun tacú le gníomhartha, laistigh den Bhinse, den tseirbhís phoiblí agus laistigh den phobal i gcoitinne.
Leis an Scéim, beifear in ann feabhsuithe sainiúla a dhéanamh thar an raon meán lena mbíonn cumarsáid ag an mBinse lena chustaiméirí, lena n-áirítear foilseacháin; cumarsáid, idir leictreonach agus i scríbhinn; agus teagmháil duine le duine / teagmháil phearsanta.
2.Cumarsáid leis an bpobal
2.1 Foilseacháin
- Foilseofar leagan Gaeilge de na bileoga eolais go léir faoi mhí na Nollag 2009. Beidh siad ar fáil chomh héasca ceanna leis na leaganacha de na bileoga eolais atá i mBéarla agus i dteangacha eile.
- Foilseofar treoracha agus foirmeacha iarratais atá ar fáil don phobal go dátheangachde réir mar a dhéantar iad a athchló nó a athstocáil. Cuirfear iad sin ar fáil go dátheangach laistigh den chlúdach céanna seachas nuair nach bhfuil sin praiticiúil mar gheall ar mhéid an doiciméid nó mar gheall ar an gcineál doiciméid atá ann.
- Cuirfear óráidí ar fáil sa teanga nó sna teangacha ina dtabharfar iad ó thosach feidhme na Scéime.
2.2 An Láithreán Gréasáin agus Seirbhísí Ar Líne
Cuirfidh an Binse seirbhís níos fearr i nGaeilge ar fáil ar an láithreán gréasáin, faoi réir ag aon srianta teicniúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn don láithreán gréasáin a bheith á athdhearadh, agus lena n-áirítear na seirbhísí seo a leanas:
- Is dócha go ndéanfar láithreán gréasáin an Bhinse a dhearadh go hiomlán le linn saolré na scéime seo. Féadfar leagan inseolta Gaeilge den láithreán gréasáin a chruthú le haon athdhearadh ar an láithreán.
- Cuirfear eolas a bheidh mar ábhar spéise don phobal i gcoitinne ar fáil go dátheangach ar an láithreán gréasáin nua faoi dheireadh na scéime. Beidh míreanna ar nós cúlra an Bhinse, an reachtaíocht a bhíonn á forfheidhmiú ag an mBinse, conas gearán a dhéanamh agus sonraí teagmhála san áireamh san eolas sin.
- Sa chás go bhfoilseofar doiciméad ar an láithreán gréasáin (i.e. Tuarascáil Bhliantúil) a bhfuil sé mar cheanglas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfoilseofaí leagan Gaeilge de, foilseofar leagan Gaeilge ar an láithreán gréasáin ag an am céanna leis an leagan Béarla.
- I gcomhthéacs na moltaí an Binse a dhéanamh níos inrochtana dár gcliaint, nuair a chuirfear seirbhísí idirghníomhacha ar fáil ar líne amach anseo, tabharfar isteach iad sa dá theanga ag an am céanna. Níl aon seirbhísí idirghníomhacha den sórt sin ag an mBinse faoi láthair.
- Maidir le Cinntí an Bhinse, cuirfear iad sin ar an láithreán gréasáin sa teanga ina ndearnadh an t-imscrúdú.
Cinnteoidh an Binse go mbeidh aon chórais/bhogearraí nua do ríomhairí a cheannófar go hiomlán ábalta an Ghaeilge a láimhseáil agus go ndéanfar comhoiriúnach iad an chéad uair eile a mbeidh obair chothabhála nó uasghrádaithe chuí beartaithe.
3.Teagmháil Phearsanta
3.1 Seirbhísí Fáiltithe/Teileafóin
Cuirfear mar seo a leanas leis an tseirbhís Fáiltithe:
- Seirbhís na chéad freagartha/beannachta – Is é cleachtas an Bhinse seo, seirbhísí fáiltithe a chur ar fáil, ar bhonn rothlach, le cúnamh bheirt bhall foirne. Beannóidh an fhoireann fáiltithe do ghlaoiteoirí teileafóin go dátheangachlaistigh de shé mhí ó thosach feidhme na scéime.
- Beidh na beannachtaí bunúsacha ar eolas acu i nGaeilge laistigh de shé mhí ó thosach feidhme na scéime.
- Treoróidh an fhoireann fáiltithe glaoiteoirí a bheidh ag iarraidh seirbhís i nGaeilge nó seirbhís dhátheangach chuig baill foirne a bheidh ábalta sin a chur ar fáil. Beidh liosta de bhaill foirne atá inniúil ar an nGaeilge ag an bhfoireann fáiltithe, ó thosach feidhme na Scéime. .
3.2 An Preas/Poiblíocht
- Cinnteoimid go n-eiseofar 10% ar a laghad dá bpreasráitis i nGaeilge agus i mBéarla araon faoi dheireadh thréimhse na Scéime.
- Déanfar gach iarracht urlabhraí thar ceann na heagraíochta a chur ar fáil do na meáin chun seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil má thugtar fógra roimh ré, ó thosach feidhme na Scéime.
4.Seirbhísí a Chur ar Fáil
4.1 Seirbhísí a Sheachadadh
Leanfar le cúrsaí mar atá agus beidh daoine den phobal in ann gearán a dhéanamh i nGaeilge leis an mBinse agus déileálfar lena gcás trí Ghaeilge.
5.Cumas Foirne a Fhorbairt
5.1 Acmhainní
Braithimidne sa Bhinse ar líon foirne sách beag a bhfuil na scileanna riachtanacha acu chun seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Cé go bhfuil an t-ádh linn go bhfuil roinnt ball foirne againn faoi láthair atá inniúil ar an nGaeilge, níl siad seo ar fáil i ngach grád ná i ngach réimse freagrachta.Srian amháin atá romhainn is ea nach féidir linn baill foirne a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a earcú ná a athsholáthar go héasca. (Faoi láthair is baill foirne de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí atá mar fhoireann an Bhinse.) Theastódh go ndéanfaí polasaithe earcaíochta a athdhíriú go mór agus, na polasaithe soghluaisteachta agus forbartha foirne á gcur san áireamh, d’fhéadfadh sé tarlú nach bhféadfaí duine leis na scileanna riachtanacha a choinneáil i réimse amháin ar feadh tréimhse éiginnte.
5.2 Tiomantas
Glacfaidh an Binse céimeanna lena chinntiú go dtuigfidh an fhoireann béim an Achta, go dtuigfidh siad na ceanglais dhlíthiúla láithreacha agus an tiomantas atá ann seirbhís, a gcuirfear léi de réir a chéile, a chur ar fáil agus go bhfeicfidh siad an tseirbhís mar dhlúthchuid den tiomantas seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chliaint. Spreagfaidh an Binse an fhoireann leis an gcumas atá acu cheana féin a úsáid; cuirfimid oiliúint ar an bhfoireann agus tacóimid leo le go bhféadfar feabhas a chur ar an gcumas atá ann agus cuirfimid na tacaíochtaí riaracháin cuí ar fáil a theastóidh lena chinntiú go bhféadfar na caighdeáin/gníomhartha sainaitheanta a bhaint amach.
Oiliúint Feasachta Teanga – Leis an bpolasaí oiliúna laistigh den eagraíocht, cuirfear meon eolasach agus dearfach chun cinn maidir le ceart an chustaiméara seirbhís a fháil i nGaeilge. Cuirfear é sin i bhfeidhm trí oiliúint ionduchtúcháin chuí, a threiseofar trí oiliúint rialta ó thosach feidhme na Scéime.
Spreagfar baill foirne a mbíonn pas faighte acu i dtriail inniúlachta Gaeilge na státseirbhíse na scileanna atá acu cheana féin a úsáid agus cur leo ó thosach feidhme na Scéime.
Lorgófar daoine ar fud an Bhinse le bheith rannpháirteach go deonach, seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ó thosach feidhme na Scéime.
Leanfar leis an bhfoireann a spreagadh freastal ar chúrsaí oiliúna teanga le linn uaireanta oifige nó lasmuigh d’uaireanta oifige.
Forbrófar teimpléid Ghaeilge de litreacha/de dhoiciméid a úsáidtear go minic chun an fhoireann a spreagadh a bheith rannpháirteach seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge, laistigh de thréimhse na Scéime.
6.Éileamh a Mheasúnú
Ar mhaithe leis an éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge a mheasúnú go cruinn, scrúdóidh an Binse, faoi mhí na Nollag 2009, na nósanna imeachta atá ann cheana féin chun fiosruithe agus cásanna a thaifeadadh lena chinntiú go ndéanfar na nithe seo a leanas a thaifeadadh go cruinn agus go cuimsitheach:
- na gearáin go léir a bhaineann le húsáid na Gaeilge agus/nó
- gearáin a chuirtear chun cinn i nGaeilge.
Caibidil 5
Monatóireacht agus Athbhreithniú
Coinneoidh an Fhoireann Bainistíochta Shinsearach (SMT) atá comhdhéanta de bhainisteoirí sinsearacha sa Bhinse agus a bhfuil an Stiúrthóir ina chathaoirleach air feidhmiú na scéime faoi athbhreithniú. Tá sé beartaithe go ndéanfar é sin trí thuairiscí ón mBainisteoir Acmhainní Corparáide chuig an SMT maidir le dul chun cinn, faoi dhó sa bhliain ag tosú sé mhí i ndiaidh thosach feidhme na Scéime seo.
Is iad na bainisteoirí líne sna rannóga a thugann tuairisc don Bhainisteoir Sinsearach iomchuí a bheidh freagrach as an Scéim a fheidhmiú ó lá go lá chomh maith le monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an leibhéal éilimh sna réimsí éagsúla.
Caibidil 6
Poiblíocht don Scéim Chomhaontaithe
Tabharfar forálacha na Scéime ar aird an phobail ar na slite seo a leanas:
- Foilseofar an Scéim féin agus nuashonruithe ina dhiaidh sin maidir le comhlíonadh gealltanas i ndáil le seirbhísí áirithe ar an láithreán gréasáin agus tabharfar tuairisc ina leith sna Tuarascálacha Bliantúla.
- Foilsiú na Scéime agus an fháil a bheidh uirthi a fhógairt i bpreasráiteas agus i bhfógraíocht (b’fhéidir go ndéanfaí é sin i gcomhar le seoladh na scéimeanna eile atá le ceadú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta)
- An Scéim a scaipeadh ar na daoine agus eagraíochtaí a rinne aighneachtaí maidir leis an Scéim, ar eagraíochtaí Gaeilge, ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh agus ar chomhlachtaí poiblí iomchuí.
- Déanfar tagairt don Scéim seo in áit fheiceálach inár n-ionad fáiltithe poiblí agus cuirfear in iúl go bhfuil seirbhís ar fáil i nGaeilge.
Cuireadh cóip den scéim seo ar aghaidh chuig Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla freisin.