Gearán a dhéanamh - EE1
Réamhrá
Is é an Binse Comhionannais an comhlacht neamhspleách a bunaíodh faoin dlí chun imscrúdú nó idirghabháil a dhéanamh mar gheall ar ghearáin faoi idirdhealú. Fanann an Binse neodrach agus déileáiltear le gach gearán go cóir agus go gairmiúil agus chomh tráthúil agus is féidir.
Cad atá i gceist leis na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta?
Fágann na hAchtanna seo go bhfuil sé neamhdhleathach idirdhealú a dhéanamh i gcúrsaí fostaíochta, lena n-áirítear:
- pá,
- coinníollacha,
- ardú céime nó athghrádú nó grúpáil ar phoist,
- gairmoiliúint,
- taithí oibre,
- teacht ar fhostaíocht,
- briseadh as post,
- comhaontuithe comhchoiteanna, agus
- ciapadh.
Tá idirdhealú neamhdhleathach ar naoi gcinn d'fhorais:
- inscne,
- stádas pósta,
- stádas teaghlaigh,
- gnéaschlaonadh,
- creideamh,
- aois,
- míchumas,
- a bheith ar dhuine den Lucht Siúil, agus
- cine, dath, náisiúntacht, bunadh eitneach nó náisiúnta.
Tarlaíonn idirdhealú chomh maith sa chás go gcaitear le duine le níos lú fabhair mar gheall ar bhaint a bheith acu le duine a bhfuil cosaint aige nó aici faoi na naoi bhforas sin.
Cad mar gheall ar íospairt?
Tagann íospairt faoin reachtaíocht chomh maith. Tarlaíonn íospairt nuair a chaitear le duine le níos lú fabhar ná mar a chaitear le duine eile mar gheall go gcuireann siad in aghaidh an idirdhealaithe nó go bhfuil baint acu le gearán faoi idirdhealú neamhdhleathach.
Gearáin
Sa chás gur dóigh leat go ndearnadh idirdhealú i do leith ar aon cheann de na forais mar gheall ar fhostaíocht nó go ndearnadh íospairt i d'aghaidh, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an mBinse Comhionannais.
Nuair a dhéanann duine gearán, tugtar an t-éilitheoir ar an té sin. Tugtar an freagróir ar an duine nó ar an eagraíocht a ndéantar an gearán ina leith, óir is iadsan a chaitheann freagra a thabhairt maidir leis an ngearán.
Ar brath ar do chás agus ar an gcineál idirdhealaithe a bhíonn líomhnaithe, d'fhéadfadh sé gurb é an freagróir d'fhostóir, ceardchumann nó cumann gairme nó an eagraíocht a chuireann oiliúint ghairmiuil nó taithí oibre ar fáil.
An bhfuil gá agam le dlíodóir?
Níl. Níl gá ag ceachtar den dá thaobh le dlíodóir. Ina dhiaidh sin féin, más mian leat é, is féidir le haturnae, cumann gairme, ceardchumann, duine taca nó eagraíocht taca ionadaíocht a dhéanamh thar do cheann. Is féidir leis an bhfreagróir ionadaí a bheith ag feidhmiú thar a cheann chomh maith.
Ní féidir leis an mBinse costais dlí a bhronnadh ar cheachtar den dá thaobh agus dá bhrí sin, sa chás go mbaintear úsáid as dlíodóir, beidh ort do chuid táillí dlí féin a ghlanadh fiú amháin sa chás go n-éiríonn leis an ngearán.
Conas a dhéanaim gearán?
1. Tá de cheart agat eolas a iarraidh ar an bhfreagróir.
B'fhéidir go gcuideodh an t-eolas seo leat socrú an bhfuil tú le gearán a dhéanamh leis an mBinse Comhionannais. Má shocraíonn tú go n-iarrfaidh tú eolas, ní mór duit an fhoirm a leagtar amach chuige sin faoin dlí a úsáid agus tú á iarraidh. Sin í Foirm EE2, atá ar fáil ón mBinse Comhionannais ar an bpost, ar an teileafón, trí ghlaoch isteach nó ar www.equalitytribunal.ie. Tugtar sonraí teagmhála ag deireadh na bileoige seo.
Ní gá don fhreagróir freagra a thabhairt i gcás iarratais ar eolas. Ina dhiaidh sin féin, mura dtugtar freagra, nó má tá an t-eolas a thugtar bréagach nó míthreorach, d'fhéadfadh an Binse sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh.
2. Is féidir leat an gearán a dhéanamh leis an mBinse Comhionannais.
Ní mór duit sin a dhéanamh taobh istigh de 6 mhí ó dháta na heachtra trí na sonraí a leagan amach ar Fhoirm EE1. Tá an fhoirm ar fáil ón mBinse Comhionannais ar an bpost, ar an teileafón, trí ghlaoch isteach nó ar www.equalitytribunal.ie. Tugtar sonraí teagmhála ag deireadh na bileoige seo.
Ní bhaineann an teorainn ama 6 mhí le cásanna pá comhionann.
Cad a tharlaíonn má táthar mall le gearán?
Má tá cúis mhaith agat le bheith mall, is féidir iarraidh ar Stiúrthóir an Bhinse Comhionannais síneadh a chur leis an teorainn ama a bhaineann le déanamh an ghearáin suas go dtí 12 mí. Sa chás nach bhfuil tú sásta le cinneadh an Stiúrthóra maidir le síneadh a chur leis an teorainn ama, is féidir achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Oibreachais.
Cad a tharlaíonn nuair a fhaigheann an Binse Comhionannais an gearán uaim?
Scríofar chugat ag tabhairt le fios duit go bhfuarthas an gearán. D'fhéadfadh go n-iarrfaí ort chomh maith míniú a thabhairt maidir le haon phointe nach bhfuil soiléir. Cuirfimid ansin cóip den fhoirm ghearáin agus aon ábhar cuí eile chuig an bhfreagróir.
Tá dhá bhealach ansin ann inar féidir leis an mBinse déileáil leis an ngearán uait: idirghabháil nó imscrúdú. Tá ceangal ó thaobh dlí ag baint le toradh cheachtar den dá rogha. Déantar idirghabháil maidir le cás mura gcuireann ceachtar den dá thaobh ina aghaidh sin agus más dóigh le Stiúrthóir an Bhinse Comhionannais go n-oireann an cás don phróiseas. Mura mian leat páirt a ghlacadh in idirghabháil, ní mór duit a chur in iúl don Bhinse Comhionannais go ndiúltaíonn tú dó. Leanfar ar aghaidh le do chás ansin trí imscrúdú agus cinneadh.
Cad is idirghabháil ann?
San idirghabháil, suíonn tú féin agus an freagróir síos in éineacht le hOifigeach Idirghabhála oilte a chuideoidh libh teacht ar réiteach atá inghlactha daoibh araon. Is féidir le ceachtar den dá thaobh tarraingt siar ón idirghabháil ag am ar bith. Sa chás nach mbíonn toradh fónta ar an idirghabháil, is féidir leat a iarraidh i scríbhinn go bpléifí leis an gcás trí imscrúdú. Bíonn na comhaontuithe a dtagtar orthu trí idirghabháil faoi rún agus ní mór don dá thaobh cloí le téarmaí na gcomhaontuithe.
Cad is imscrúdú ann?
Is scrúdú foirmeálta maidir le gearán arna dhéanamh ag Oifigeach Comhionannais atá in imscrúdú. Iarrfaidh an tOifigeach Comhionannais ort ráiteas i scríbhinn, ar a dtugtar aighneacht, a chur ar fáil ina leagtar amach fíricí an cháis sin agatsa agus na hargóintí is mian leat a chur chun cinn. Cuirfidh an Binse cóip de sin agus d'aon ábhar cuí eile chuig an bhfreagróir. Iarrfaidh an tOifigeach Comhionannais ar an bhfreagróir chomh maith ráiteas i scríbhinn a chur ar fáil agus seolfar cóip de sin agus d'aon ábhar cuí eile chugatsa. Socróidh an tOifigeach Comhionannais dáta ansin chun an cás a éisteacht.
Cad a tharlaíonn ag an éisteacht?
Ag an éisteacht, tabharfaidh an tOifigeach Comhionannais deis duitse agus don fhreagróir an cás a chur i láthair, finnéithe a ghairm i láthair agus freagraí a thabhairt ar phointí a chuireann an taobh eile i láthair. Déanfaidh an tOifigeach Comhionannais ceistiú ar an dá thaobh chomh maith. Is ar bhonn an phríobháideachais a reáchtáiltear éisteachtaí.
Dualgas Cruthúnais
Is fútsa fíricí a chur i láthair a threiseodh leis an éileamh gur tharla idirdhealú. Má chuireann tú bun faoi na fíricí sin, titeann an dualgas ar an bhfreagróir a chruthú nár tharla aon idirdhealú.
Cad a tharlaíonn tar éis na héisteachta?
Déanfaidh an tOifigeach Comhionannais an fhianaise uilig a mheas agus eiseofar cinneadh mionsonraithe i scríbhinn. Tá ceangal de réir dlí ag baint leis an gcinneadh seo, rud a fhágann nach mór duit féin agus don fhreagróir déanamh de réir na dtéarmaí ann.
De réir an dlí, caithfidh an Binse na cinntí a fhoilsiú. Ina dhiaidh sin féin, is féidir le ceachtar den dá thaobh a iarraidh go bhfágfaí a gcuid ainmneacha ar lár i gcásanna a mbainfeadh goilliúint lena leithéid. Cuirtear cóipeanna de na cinntí ar fad ar fáil ar shuíomh idirlín an Bhinse.
Cad a déarfar sa chinneadh?
Tabharfar achoimre ar an bhfianaise sa chinneadh agus déarfar má ghlacann an tOifigeach Comhionannais leis an ngearán agus an chúis atá leis sin. Sa chás go n-aontaíonn an tOifigeach Comhionannais leat, déanfar ordú. D'fhéadfadh go ndéanfaí ordú maidir le:
dámhachtain airgid,
pá comhionann nó cóir chomhionann, agus/nó
beart sonrach atá le cur i gcrích ag duine a shonraítear (an freagróir go hiondúil).
I gcás éilimh maidir le pá comhionann, d'fhéadfadh go mbeifeá i dteideal pá comhionann agus suas le trí bliana de riaráistí ó dháta an éilimh.
I gcásanna eile, d'fhéadfadh go mbeifeá i dteideal córa comhionann agus/nó pá suas le dhá bhliain (nó suas le €12,697 sa chás nach fostaí atá i gceist) mar chúiteamh.
Sa chás go n-aontaíonn an tOifigeach Comhionannais leis an bhfreagróir, ciallaíonn sin nár éirigh leis an ngearán agus nár tharla idirdhealú neamhdhleathach.
Forfheidhmiú
Sa chás nach ndéantar de réir chinntí de chuid an Oifigigh Chomhionannais nó de réir chomhaontuithe a socraítear trí idirghabháil, is féidir le ceachtar den dá thaobh a iarraidh ar an gCúirt Chuarda iad a chur i bhfeidhm.
An féidir achomharc a dhéanamh maidir le cinntí?
Is féidir. Má tá ceachtar den dá thaobh míshásta maidir le cinneadh an Oifigigh Comhionannais, is féidir achomharc a dhéanamh leis an gCúirt Oibreachais taobh istigh de 6 seachtaine (42 lá) ó dháta an chinnidh.
An féidir leis an mBinse Comhionannais comhairle a chur ar fáil?
Ní féidir. Ní fhéadann an Binse Comhionannais comhairle a chur ar cheachtar den dá thaobh maidir le tuillteanais an cháis. Ní mór dúinn fanacht neodrach agus is mar gheall ar oibriú an chórais féin amháin is féidir linn eolas a thabhairt.
THE EQUALITY TRIBUNAL
AN BINSE COMHIONANNAIS
3 Sráid Chluain Meala
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +353-1-477 4100
Lo-call: 1890 34 44 24
Faics: +353-1-477 4141
Suíomh Idirlín: www.equalitytribunal.ie
Ríomhphost: info@equalitytribunal.ie
Cuir in iúl dúinn é, le do thoil, más mian leat an bhileog seo a fháil i gcló mór, Braille nó ar théip fuaime. Tá cóipeanna den bhileog seo ar fáil uainn i mBéarla, i bhFraincis, i Rúisis, i bPolainnis agus i Sínis chomh maith.
Tabhair ar aird le do thoil gur mar eolas ginearálta amháin a chuirtear an bhileog seo ar fáil agus nach bhfuil i gceist aon léirmhíniú dlíthiúil ar na hAchtanna a chur ar fáil léi. Tugtar cur síos níos mine ar nósanna imeachta an Bhinse Comhionannais sna Treoracha maidir le Nósanna Imeachta atá ar fáil ón mBinse Comhionannais agus ónár suíomh idirlín.
